COLÁISTE ÍDE

front-page

 

Tá Coláiste Íde lonnaithe istigh i dtigh galánta Seoirseach, eastát an Tiarna Fionntrá mar a bhí. Tá 104 acra talún timpeall ar an gcoláiste, 50 acra coillte ina measc.

Bhunaigh Roinn an Oideachais an coláiste mar choláiste ullmhúcháin do chailíní sa bhliain 1927, agus siad Siúracha na Trócaire a bhíodh á rith. Tá na céadta múinteoirí le Gaeilge líofa ó áiteanna ar fud na tíre cothaithe ag an gcoláiste ó shin. Nuair a tháinig deireadh le scéim na gcoláistí ullmhúcháin sa bhliain 1961, lean Siúracha na Trócaire orthu ag reachtáil Choláiste Íde mar scoil chónaithe do chailíní ar an dara leibhéal, agus ag cur oideachais as Gaeilge ar fáil mar ullmhúchán do scrúdaithe an stáit. Sa lá atá inniu ann, is faoi choimirce Chairde Choláiste Íde Teoranta a reachtáltar Coláiste Íde; sin comhlacht teoranta le stádas mar charthannacht, a chuir iar-scoláirí, muintir na scoláirí, agus cairde an choláiste ar bun sa bhliain 1996.

Read more >>

The latest news

Seachtain na Gaeilge

Na cailíní ag Bowling Buddies

Bhí ana lá acu ag Bowling Buddies

Scléip

Gach rath air Róise, Hannah, Aoife, Michaela, Ona, Leticia, Janine & Emily atá ag tógaint [...]

Scoláireacht U.C.D. 2017

Comhghairdeas le Treasa Ní Mhaoldomhnaigh go mbronnadh scoláireacht iontrála (ardghnóthachtálaí acadúil) & scoláireacht Bord na [...]