Coláiste Íde Boarding School WELCOME TO READ MORE

To apply online simply fill out our online form submit it and we will contact you

Leabhrán Eolais

Mar Gheall Orainn

Is í Coláiste Íde (Teach Burnham) an t-aon scoil cónaithe dara leibhéal lánaimseartha lán-Ghaelach do chailíní in Éirinn. Lonnaithe i Leithinis Chorca Dhuibhne, timpeall dhá mhíle ó bhaile an Daingin, bunaíodh Coláiste Íde sa bhliain 1928. Lonnaithe in iar - dhúthaigh chónaithe an Tiarna Fionn Trá, tógadh Teach Burnham sa bhliain 1790. Reachtáil Siúracha na Trócaire Coláiste Íde mar choláiste ullmhúcháin d’ábhair múinteoirí idir go dtí an bhliain 1961, agus mar mheánscoil lán-Ghaeilge do chailíní go dtí 1996. Chinn Siúracha na Trócaire an coláiste a dhúnadh a bhliain 1996 agus tháinig grúpa tuismitheoirí le chéile agus bhunaigh siad comhlacht darbh ainm Cairde Choláiste Íde Teoranta. Thóg Cairde Choláiste Íde Teoranta an Coláiste mar aon leis an eastáit ar léas teoranta ó mbliain 1996 agus cuireadh síneadh ama 30 bliain leis an léas sin. Bhronn Pobal Siúracha na Trócaire Coláiste Íde agus an Eastát ar Cairde Choláiste Íde Teoranta i mí Lúnasa 2014.

Tá 107 acra áirithe san eastáit ina iomláine (thart ar 57 acra faoí choill). Meallann Coláiste Íde líon suntasach cuairteoirí/turasóirí go dtí na gairdíní agus an taispeántas Clocha Oghaim san lá atá inniú ann.

Dein Teagmháil Linn Inniu

Coláiste Íde Baile an Ghoilín Daingean Uí Chúis Co. Chiarraí Éire

TOP