Foireann Rugbaí
Táimid thar a bheith bródúil as ár bhfoireann rugbaí a bhí páirteach i gCluiche Ceannais Chorn Sóisear na Scoileanna Rugbaí le déanaí. Buíochas le Siopa Uí Ghinneá i nDaingean Uí Chúis as urraíocht a dhéanamh ar na geansaithe nua i na onóir do Danno O Keefe a thosaigh Rugbaí sa Choláiste.

Clár Raidió Bliain 5
Comhghairdeas le Bliain 5 as Clár Raidió a chuir le cheile i gcomhpháirtíocht le RTE Raidió na Gaeltachta. Tá sé le cloisint tríd an nasc go dtí an 5ú lá d’Aibreán.
Obair Deonach Bliain 5
Rugbaí
Comhghairdeachas lenár bhfoireann rugbaí. Bhí bua iontach ag Coláiste Íde sa chluiche leath cheannais don Junior Cups a bhí ar siúl i Luimneach an tseachtain seo caite. Bhíodar ag imirt i gcoinne St. Joseph’s Borrisoleigh a thug cluiche iontach dóibh agus táimíd thar a bheith buíoch don bhfoireann sin. D’imir gach duine go sár mhaith agus chuir na daltaí go léir fáilte agus fiche rompa nuair a fhilleadar an tráthnóna sin ag a 18.00. An scór deirneach ná 51-17. Beidh an cluiche Ceannais ar siúl ar an 15ú Marta agus táimíd go léir ag súil go mór leis. Go n-éirí leo ar fad!


Clár Seach-Churaclam Idirbhliaina don 5ú Bliain
Cúpla pictiúir dos na scoláirí ar mhuin na muice tar-éis an cúrsa tiománaí scútar leictreach a chríochnú.


- Published in Ardteist 2022
Scléip 2022
Ba mhaith linn comhghairdeas ó chroí a ghabháil le Sinéad de Búrca, as bonn airgid a ghnóthú sa chomórtas aithris filíochta in Oireachtas na Samhna 2022 i gCíll Airne. Táimid an-bhródúil aisti! Dhein sí féin agus Hannah Ní Dhubháin agallamh beirte ag an gcomórtas chomh maith. Bail ó Dhia orthu agus as an gcleachtadh ar fad a bhí déanta acu!
- Published in Nuacht

English 















