Áiseanna

Cúirt Bhoscó

Halla spóirt mór ina bhfuil áiseanna cispheile, badmantan, gleacaíochta, agus eile. Tá dhá cúirt seachtrach ina bhfuil áiseanna cispheile agus leadóige mar aon le cúirt bheag badmanton seachtrach.

Amharclann Íde

Amharclann atá ina áis caitheamh aimsire le teilifís agus scannáin ar scáileán mhór. Tá Amharclann Íde oscailte do dhaltaí gach am le linn caitheamh aimsire agus uaireanta múintear ranganna ann chomh maith. Ta suíocháin compordacha atá ar aon dul leo siúd a bheadh le feiscint in aon amharclann eile sa tír agus spás do 130 dalta in aon am amháin. De ghnáth úsáidtear an áis seo do oíche scannánaíochta gach oíche Dé hAoine do gach rang agus oíche Dé Sathairn dos na sinsir. Tá 25 ríomhaire glúine san amharclann chomh maith agus iad seo ar fáil do gach dalta le linn am caitheamh aimsire.

 

Áiseanna Teicneolaíochta Faisnéise

Cuireann an ríomhlann atá lonnaithe in Amharclann Íde na bogearraí níos déanaí ar fáil mar aon le seoladh r-phoist do gach dalta agus do gach ball foirne chomh maith le rochtain ar sheirbhís idirlinn. Tá córas scagtha cosanta idirlinn ar an gcóras chomh maith

Na seomraí ceol

Tá teacht ag daltaí ar iliomad seomraí ceol chun ranganna agus cleachtadh ceol a dhéanamh agus chun áis stórála a chuir ar fáil do uirlisí ceol na ndaltaí féin.

An Leabharlann

Tá leabharlann breá againn mar a bhfuil leabhair ficsean, neamh-fhicsean, leabhair thagartha, páipéir nuachta agus iriseáin i nGaeilge agus i mBéarla. Bionn an leabharlann oscailte do dhaltaí an t-am ar fad. Bíonn deis ag na scoláirí go léir léitheoireacht Gaeilge nó Béarla a dhéanamh gach lá sa staidéar idir 8:45i.n.-9:00i.n. agus i rith an deireadh seachtain.

Halla an Staidéar

Cuireann an spás seo timpeallacht ciúin séimh ar fáil ionas gur féidir le daltaí a gcuid obair bhaile athdhéanamh agus staidéar a dhéanamh. Déantar feitheoireacht ar an staidéar gach tráthnóna agus in amanna áirithe thar na deireadh seachtaine. Cuirtear scileanna staidéar ar fáil do gach dalta agus is cabhair mhór é seo dóibh chun gur féidir bainistiú a dhéanamh ar éifeacht an staidéar. Tá fócas láidir ar staidéar agus obair bhaile I gColáiste Íde mar treisíonn sé obair na scoile in aigne na ndaltaí.

TOP