Scoil Chónaithe Lán-Ghaeilge seacht lá na seachtaine do chailíní is ea Coláiste Íde atá suite ar Leithinis Chorca Dhuibhne i gContae Chiarraí a chuireann oideachas den scoth ar fáil i dtimpeallacht álainn taitneamhach ar leithinis Chorca Dhuibhne. Bunaíodh Coláiste Íde mar Coláiste Ullmhúcháin do ábhar múinteoirí sa bhliain 1927 agus athraíodh go meánscoil chónaithe do chailíní é sa bhliain 1961. Tá spás sa choláiste do 130 scoláire, agus cuireann Coláiste Íde oideachas trí Ghaeilge ar fáil. Tá cáil ar Choláiste Íde toisc an sármhaitheas oideachais atá ar fáil ann agus bíonn an Coláiste de shíor ar cheann de na scoileanna is airde ó thaobh marcanna Ardteistiméireachta i gCúige Mumhan agus sa tír ar fad, go deimhin. Tá béim láidir ar fhorbairt oideachais agus forbairt phearsanta agus cinntíonn Coláiste Íde go mbaineann gach scoláire barr a maitheasa amach i dtimpeallacht a chothaíonn féinmhuinín, neamhspleáchas agus féinmheas. Cinntíonn múinteoirí agus foireann oibre chónaithe díograiseach, mar aon le staidéar laethúil agus deireadh seachtaine ar a ndéantar feitheoireacht, agus scileanna staidéir, torthaí arda, leanúnacha, acadúla ag baint amach pointí i bhfad os cionn an mheáin náisiúnta. Scoil bheag is ea Coláiste Íde a chuireann caighdeán an-ard iar-bhunscoile ar fáil do scoláirí. Fágann scoláirí Coláiste Íde agus iad muiníneach, ábalta agus oideachas iontach orthu, agus iad maith ábalta don oideachas tríú leibhéal agus ullamh dá n-áit sa t-sochaí.
Moltar go ndéanfaí iarratas ar áit i gColáiste Íde chomh luath agus is féidir. Tá mile fáilte roimh daltaí agus a gclann teacht ar chuairt chugainn chun bualadh linn, le n-ár ndaltaí agus chun an coláiste agus na háiseanna atá againn a fheiscint. Más mian le aon tuismitheoir/caomhnóir labhairt linn go fíorúil níl le déanamh ach é seo a chuir in iúil dúinn tríd an iarratas ar líne nó trí glaoch orainn ag 0669151211 nó r-phost a sheoladh go info@rafaln8.sg-host.com


English 




