Ciara de Bláca, Tess Nic Liam, Máire Ní Urdáil, Mia Nic Liam, Fia Ní Chíosóg, Ciara Ní Shé, Rúna Ághas, Críona Ní Ríordáin & Caoilfhoinn Ní Dhomhnaill
Ag deireadh na scoil bliana anuraidh , bhí ar aon scoláire go raibh suim agus spéis acu a bheith mar cheannaire, litir iarratais a scríobh chuig an bpríomhoide.
Déanadh toghchán a reáchtáil agus tugadh vóta amháin do gach cailín sa scoil. Ag tús an scoil bhliain seo, bhí tionól speisialta agus fógraíodh na ceannairí. Táimid go léir freagrach as ranganna éagsúla don scoilbhliain.
Tá sé do dhualgas orainn mar cheannairí a bheith: Freagrach, deá shampla a léiriú an t-am ar fad, an Ghaeilge a spreagadh, meon dearfach a léiriú, polasaithe na scoile a chur chun cinn agus deá atmaisféar a chothú sa scoil agus i measc na gcailíní.
Bímid gníomhach le linn laethanta oscailte agus ócáidí speisialta. Bíonn ról tábhachtach againn. Is pribhléid mór é seo.