Ceisteanna Coitianta

Ta foirm iarratais ar fáil ar an suíomh idirlinn colaisteide.com, tré glaoch gutháin a dhéanamh ar 0669151211 nó ar r-phost go info@colaisteide.com.  Nuair atá an fhoirm seoltar ais go dtí an coláiste eagraítear agallamh idir tuismitheoirí, an dalta agus coláiste Íde; is deis é seo chun eolas a mhalartú, ceisteanna a fhreagairt agus léargas maith a thabhairt ar an saol i gColáiste Íde. Déantar tairiscint ag brath ar an lion áiteanna atá ar fáil.

Tá dhá rogha ar fáil, clárú mar dalta lán aimseartha 7 lá nó clárú mar dhalta lae. Tá an cuid is mó dos na daltaí cláraithe mar dhalta lán aimseartha ach bíonn clárú lae oiriúnach do theaghlaigh atá ag cuir fúthu sa cheantar máguaird uaireanta.

Tá fáilte roimh daltaí lae fanacht sa choláiste gach lá go dtí 21.00 nuair a chríochnóinn an staidéar.

Ta cead ag daltaí dul abhaile aon uair le cead a dtuismitheoirí. Is gnáthach go ndúntar an coláiste go rialta gach tríú deireadh seachtaine nuair a chríochnóinn an scoil ag 11.00 chun deis a thabhairt dos na daltaí a mbaile a bhaint amach chomh luath agus is féidir. Filleann na daltaí de ghnáth ar an nDomhnach.

Eagraítear busanna príobháideach a thógann daltaí ón gColáiste go dtí Stáisiún bus agus traenach Thrá Lí agus Cill Áirne, ait a mbíonn deis ag daltaí seirbhís taisteal is oiriúnaí dóibh a thógaint. Cuirtear seirbhís bus príobháideach ar fáil arís dos na daltaí ós na stáisiúin seo ar ais go Coláiste Íde ar fhilleadh dóibh. Tá eolas ar fáil do gach tuismitheoir ón gColáiste.

Tosaíonn ranganna ag 08.45 go 16.00. Tá am staidéar curtha ar leataoibh gach Céadaoin idir 15.00 agus 16.00 seachtainí nach bhfuil na daltaí ag filleadh ar an mbaile ar an Aoine. Leanann ranganna ar aghaidh go dtí 16.00 ar an gCéadaoin go bhfuil an coláiste ag dúnadh ar an Aoine don ndeireadh seachtaine/saoire.

Faoi láthair (ag brath ar an mbliain) tá idir 22- 28, i ngach rang. Tá ranganna áirithe le bhfad níos lú daltaí (6 – 10) ag brath ar an ábhar agus ar an roghnú ábhar a dhéanann an dalta.

Cinntíonn foireann Choláiste Íde go bhfuil daltaí ábalta aithne a chuir ar na daltaí eile chomh luath agus a thagann siad isteach sa choláiste. Tá córas Anam Chairde i bhfeidhm, córas ina bhfuil daltaí i rang níos sínsirí ainmnithe chun aire a thabhairt do dhaltaí nua. Is córas e seo atá i bhfeidhm le blianta agus oibríonn sé . Tá córas Ceannairí i bhfeidhm chomh maith, daltaí ón 6ú bliain atá ceaptha mar cheannairí tré vóta daonlathach. Bhuaileann na ceannairí leis na ranganna gach seachtain agus atá ar fáil i gcónaí chun cabhair a thabhairt. Ag tús na bliana bíonn alán gníomhaíochtaí eagruithe do dhaltaí nua a chabhraíonn leo aithne a chuir ar a chéile. Déantar monatóireacht rialta ar gach dalta ach go háirithe daltaí núa. Is scoil chónaithe beag é Coláiste Íde, mar sin tá deis iontach againn go léir aithne mhaith a chuir ar a chéile go tapaigh agus is gnáthach go mbíonn dáimhiúlacht iontach idir na daltaí agus na daoine fásta.

Tá foireann teagaisc tiomnaithe againn a oibríonn i gcomhpháirtíocht lena cheile chun freastail ar riachtanas foghlamtha éagsúla ár ndaltaí.

Is oideachas trí Ghaeilge atá ar fail i gColáiste Íde. Toisc gur tumoideachas atá i gceist foghlaimíonn na daltaí an teanga go tapaigh. Gan amhras is buntáiste é má tá an dalta inniúil ar an nGaeilge ó thús ach níl sé riachtanach go háirithe ins na ranganna sóisearacha. Tá cúntóir teanga curtha ar fáil ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne chun tacaíocht indibhidiúil/ghrúpa a sholáthar do gach dalta atá a iarraidh.

Tá rogha leathan ceol ar fail, ina n-áirítear Piano, Veidhlín, Cruit, Guitear agus traenáil gutha ag b rath ar éileamh. Is trí ranganna príobháideach a múintear na h-uirlis seo.

Is Cispheil, Rugbaí, Peil Ghaelach, Marcaíocht Capaill, Snámh agus Camógaíocht is mó atá ar fáil, Is féidir spórt difriúil a sholáthar ag brath ar éileamh.

Tá marcaíocht capaill, snámh, Weekday recreation includes horse riding, swimming, gleacaíocht (ós cionn 16bl. ), cispheil, camógaíocht, peil Ghaelach, rugbaí, club siúlóide, rince cruthaitheach, bailé, rince Ghaelach, taekwondo, ar fáil go seachtainiúil ag brath ar éileamh agus staid na haimsire I gcásanna gníomhaíochtaí faoin aer. Tá turais eagruithe ar fáil gach deireadh seachtaine chomh maith le turas siopadóireachta go dtí an Daingean. Déantar feitheoireacht ar gach turas seachtrach agus is I mbusanna príobháideach a thaistealaíonn na daltaí i gcónaí.

Tá. Níl glacadh ag foireann Coláiste Íde le aon chineál tromaíocht d’aon saghas aon uair. Déantar spot seiceanna rialta ar gach rang agus déantar feitheoireacht rialta ar na daltaí.

Níl. Tá amanna áirithe ina mbíonn fón póca ag na daltaí i rith an tráthnóna agus gach oíche go dtí 22.10. Níl cead ag daltaí fón póca a bheith acu thar oíche. Creideann Coláiste Íde go bhfuil se tábhachtach go nglacfadh gach dalta páirt gníomhach i saol agus i bpobal Choláiste Íde, cairde a dhéanamh, páirt a ghlacadh in imeachtaí agus taitneamh a bhaint as an saol. Tá breis eolais le fáil ar an bpolasaí fón póca.

Tá. Bailítear an níochán ar an Luan agus tugtar ar ais é ar an gCéadaoin, tá málaí níochán ar fáil ón gColáiste.

An chéad pointe teagmhála atá ag dalta ná na feitheoirí agus an banaltra. Tugtar daltaí go dtí an Dochtúir áitiúil/SouthDoc/A&E ag brath ar an gcás. Déantar teagmháil le tuismitheoirí láithreach agus coimeádtar ar an eolas iad. Tá se riachtanach go gcuireann an tuismitheoir Coláiste Íde ar an eolas faoi aon fhadhb sláinte/ailléirge/eile atá ag an dalta agus go líontar an fhoirm leighis go cúramach agus go gcuirtear in iúil dúinn láithreach má tá aon athrú ar chúrsaí sláinte an dalta i rith na bliana

Cuireann Coláiste Íde bia den scoth ar fáil agus is ón gceantar máguaird a thagann an chuid do. Déantar freastal ar gach cineál riachtanais bidhe. Tá sé riachtanach go gcuirtear an bainistíocht ar an eolas i gcónaí nuair atá aon riachtanas bidhe ag dalta. Is féidir cruinniú a eagrú idir tuismitheoir an Bainisteoir agus an Bainisteoir lónadóireachta más gá chun aiste bídhe dalta a phlé go mion. Déantar monatóireacht rialta laethúil ar na daltaí i Seomra an Bhídh nuair le linn na béilí chun a chinntiú go bhfuil gach dalta ag ithe bia sláintiúil agus go bhfuil a ndóthain ag gach dalta. Déantar teagmháil láithreach le tuismitheoirí sa chás is go bhfuil aon cheist nó imní againn faoi dalta.

Tá cead ag daltaí riomhaire glúine a bheith acu cé nach bhfuil sé riachtanach. Tá ríomhairí glúine ar fáil in Amharclann Íde agus tá cead ag daltaí iad a úsáid le linn am caitheamh aimsire, tá rochtain ar sheirbhís idirlinn atá teoranta go suiomhanna áirithe amháin ar fáil chomh maith.

Tá. Tá cead ag dalta iPad, iPod agus a leithéid a bheith acu, tuigimid gur páirt mhór do shaol an déagóra a leithéid san lá atá inniu ann. Bí cinnte áfach nach bhfuil aon ghléasra aice a chuirfeadh ar a cumas bheith ar an idirlinn nó teagmháil a dhéanamh le duine/suiomhanna/aipeanna mar níl ar ár gcumas monatóireacht a dhéanamh ar gach gléasra atá ag gach dalta. Níl fáil ag na daltaí ar chóras Wifi ar mhaithe le cúrsaí slándála.

TOP