Eischuraclam
Ceol & Drámaíocht
Tá an-bhéim ar an gceol i gColáiste Íde. Tá gradaim faighte ag daltaí Choláiste Íde ó Cheol-Acadamh Ríoga na hÉireann agus tá múinteoirí iomráiteacha traidisiúnta ag múineadh ceoil sa scoil.
Bíonn deis ag na scoláirí scrúduithe na Roinne Oideachais agus Scileanna sa Cheol agus Ceoltóireacht a dhéanamh don Teastas Sóisearach agus don Ardteistiméireacht mar aon le Scrúduithe Acadamh Ríoga na hÉireann sa cheol, traenáil ghutha agus deaslabhraíocht.
Tá rogha leathan ar fáil i gColáiste Íde
Piano
Amhránaíocht, Traenáil Ghutha, Sean-nós, Ceol Traidisiúnta, Veidhlín, Feadóg Stáin, Fliúit, Bosca Ceoil, Consairtín, Giotár, Ceol Clasaiceach, Feadóg Mhór, Viola, Cello, Pianó, Méarchlár
Cór Choláiste Íde
Tagann Cór Choláiste Íde le chéile gach Dé Céadaoin idir 1:30-2:00i.n.
Diospóireachtaí
Glacann scoláirí na scoile páirt i gcomórtais díospóireachta sa Ghaeilge (Gael Linn) agus sa Bhéarla (Mental Health
Public Speaking, Soroptimist Public Speaking, Poetry Aloud) go bliantúil. Roghnaíonn na múinteoirí na cainteoirí agus
oibríonn siad leis na foirne am lóin, tar éis scoile nó ag na deireadh seachtaine, chun iad a ullmhú. Creidimid go
gcuireann an taithí a fhaigheann daltaí ar an díospóireacht sa mheánscoil go mór lena bhféinmhuinín agus lena gcumas
páirt a ghlacadh sa saol poiblí sa todhchaí.
An Leabharlann
Tá leabharlann breá againn mar a bhfuil leabhair ficsean, neamh-fhicsean, leabhair thagartha, páipéir nuachta agus iriseáin i nGaeilge agus i mBéarla.
Bíonn deis ag na scoláirí go léir léitheoireacht Gaeilge nó Béarla a dhéanamh gach lá sa staidéar idir 8:45i.n.-9:00i.n. agus i rith an deireadh seachtain.