Ag Ithe go Folláin
Tá foireann bídh sa choláiste a fhéachann chuige go mbíonn réimse éagsúil chothrom bídh á ithe ag na cailíní go léir. Cuirtear béim mhór ar bhia sláintiúil agus ullmhaítear an bhia ar fad sa choláiste. Deintear freastal cuí ar riachtanais speisialta bídh, ach go gcaithfear iad a chur i n-iúil roimh ré i bhfoirm scríofa. Bíonn foireann an tí ar dualgas i Seomra an Bhídh le haghaidh gach béile ag cinntiú go bhfuil gach dalta ag ithe agus go bhfuil go leor ag gach duine. Deintear monatóireacht go rialta ar phatrún ite na scoláirí, agus spreagtar iad go gníomhach chun a bheith ag ithe go folláin.
Tugtar lón pacáilte le torthaí friseáilte agus uisce buidéil do na scoláirí a bhíonn ag glacadh páirte sna himeachtaí lasmuigh, ar nós imeachtaí spóirt nó imeachtaí tar éis scoile.
Bíonn Seomra an Bhídh ar oscailt tríd an lá ar fad go dtí thart ar 21.45 istoíche agus tá míle fáilte roimh daltaí dul isteach chun ithe aon uair is mian leo.
Sports and recreation Déantar cothú ar shaol sláintiúil gníomhach anseo i gColáiste Íde. Glactar leis go nglacfaidh na scoláirí go léir páirt sna gníomhaíochtaí spóirt agus caithimh aimsire. Cuid lárnach de shaol an Choláiste é imirt na foirne. I measc na spórtanna agus na gcaitheamh aimsire a bhíonn ar fáil go rialta, tá an bhádóireacht kayak, an chispheil, an pheil Ghaelach, an rugbaí, snámh, marcaíocht na gcapall, agus club siúlóide.