Mar Gheall Orainn

Tá Coláiste Íde lonnaithe istigh i dtigh galánta Seoirseach, eastát an Tiarna Fionntrá mar a bhí. Tá 104 acra talún timpeall ar an gcoláiste, 50 acra coillte ina measc.

Bhunaigh Roinn an Oideachais an coláiste mar choláiste ullmhúcháin do chailíní sa bhliain 1927, agus siad Siúracha na Trócaire a bhíodh á rith. Tá na céadta múinteoirí le Gaeilge líofa ó áiteanna ar fud na tíre cothaithe ag an gcoláiste ó shin. Nuair a tháinig deireadh le scéim na gcoláistí ullmhúcháin sa bhliain 1961, lean Siúracha na Trócaire orthu ag reachtáil Choláiste Íde mar scoil chónaithe do chailíní ar an dara leibhéal, agus ag cur oideachais as Gaeilge ar fáil mar ullmhúchán do scrúdaithe an stáit. Sa lá atá inniu ann, is faoi choimirce Chairde Choláiste Íde Teoranta a reachtáltar Coláiste Íde; sin comhlacht teoranta le stádas mar charthannacht, a chuir iar-scoláirí, muintir na scoláirí, agus cairde an choláiste ar bun sa bhliain 1996.

Cuireann Coláiste Íde oideachas trí mheán na Gaeilge ar fáil do dhaltaí agus tá cáil náisiúnta ar an gcoláiste a bhíonn gairid do bharr liosta na scoileanna iar-bhunoideachais is fearr i gCúige Mumhan agus in Éirinn.

Ta curaclam leathan á sholáthar sa choláiste ag gnáth leibhéal agus ard leibhéal san Teastas Sóisearach agus san Ardteistiméireacht. Tá réimse ábhair eile ar fáil ar bhonn príobháideach chomh maith.

Tá ról lárnach ag an gceol i saol Choláiste Íde. Tógann leor daltaí ceol mar ábhar scrúdaithe  stáit agus scrúdaithe Acadamh Ríoga na hÉireann. Múintear réimse leathann ar nós piano, an chruit, an veidhlín, traenáil gutha agus múintear ceol teoirice chomh maith.

Sé Coláiste Íde an t-aon scoil amháin dá shórt i nÉirinn, scoil chónaithe seacht lá do chailíní a reáchtáiltear go hiomlán as Gaeilge. Tá éiteas an Choláiste fréamhaithe i mana an Choláiste, “Glaine ár gCroí”.

TOP