Cothaítear stíl mhaireachtála shláintiúil gníomhach i gColáiste Íde. Táthar ag súil go nglacfaidh gach mac léinn páirt i ngníomhaíochtaí spóirt agus caithimh aimsire. Tá imirt foirne a chur chun cinn lárnach i saol an tigh cónaithe. I measc na ngníomhaíochtaí rialta spóirt agus fóillíochta tá cadhcáil, cispheil, peil Ghaelach, rugbaí, snámh, marcaíocht capall agus leadóg.